Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald go raibh an gearán a déanadh i gcoinne an iar-Theachta Dála de chuid Shinn Féin, Brian Stanley an-dáiríre agus go raibh an té a rinne an gearán suaite agus trína chéile dá bharr.
Tráthnóna i nDáil Éireann, dúirt Ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald nach mbaineann cás Bhrian Stanley ná Patricia Ryan le cosaint leanaí.
Dúirt sí go bhfuil cosaint leanaí an-tábhachtach do Shinn Féin agus go bhfuil tús curtha le hathbhreithniú iomlán ar nósanna rialachais Shinn Féin.
Níos luaithe inniu, dúirt ceannaire Chomhaontas Glas agus an tAire Leanaí Roderic O'Gorman go raibh go leor ceisteanna fós le freagairt agus go gcaithfeadh Sinn Féin míniú a thabhairt maidir le cén fáth gur anois a chur an páirtí gearáin atá déanta faoin Teachta Dála Brian Stanley faoi bhráid na nGardaí agus ní nuair a cuireadh an páirtí ar an eolas faoi na gearáin.
Dúirt stiúrthóir toghchánaíochta Shinn Féin, Matt Carthy nach raibh a fhios aige roimh Dé Sathairn nach mbeadh Brian Stanley ag seasamh mar iarrthóir olltoghchánaíochta do Shinn Féin.
Tá achrann idir an Teachta Stanley agus Sinn Féin maidir le fiosrúchán inmheánach atá ar siúl sa pháirtí maidir le gearáin atá déanta agus maidir le cinneadh Shinn Féin an t-ábhar a chur faoi bhráid na nGardaí Dé Domhnaigh.
Maíonn Sinn Féin gur cuireadh comhairle ar Bhrian Stanley dul go dtí na Gardaí nuair a d'ardaigh sé ábhar imní le linn fiosrúcháin a bhí ag scrúdú gearáin a déanadh ina choinne.
Dúirt urlabhraí ó Shinn Féin gur bheartaigh an Teachta Stanley gan é seo a dhéanamh.
I ráiteas, dúirt Brian Stanley gur chóir an scéal a bheith curtha faoi bhráid na nGardaí ag Sinn Féin ar an 11 Meán Fómhair, tráth a tharraing sé aird an pháirtí "ar cheisteanna tromchúiseacha", mar a dúirt sé.
Mhaígh sé sa ráiteas freisin nárbh fhíor gur cosnaíodh a chearta le linn an phróisis.
Inniu, dúirt An Tánaiste Micheál Martin gur cheart do Shinn Féin a bheith níos oscailte maidir le conas a reachtáiltear fiosrúcháin inmheánacha.
Tá sé tagtha chun solais go bhfuil cóipeanna do theachtaireachtaí téacs sa litir a sheol Sinn Féin go dtí na Gardaí maidir cás An Teachta Stanley.
Deirtear san ábhar a tugadh go Gardaí gur tharla an eachtra a líomhnaítear a bhaineann leis an gcéad ghearán a déanadh, ar an 11 Deireadh Fomhair anuraidh agus go mbaineann an frith-líomhain le heachtra a líomhnaítear a tharla dhá lá ina dhiaidh sin, ar an 13 Deireadh Fomhair 2023.
Tá na Gardaí fós ag iarraidh a dheimhniú go bhfuil an litir faighte acu ó Shinn Féin. Deir Sinn Féin gur tugadh an litir go Stáisiún Ghardaí Shráid Chaoimhín i mBaile Átha Cliath, tráthnóna Dé Domhnaigh.
Dúirt urlabhraí ó Shinn Féin gur abhcóide a thug an litir go dtí na Gardaí ach ní dúradh cén fáth gur mar seo a bhí.
Deir foinsí sna Gardaí go bhfuil an cur chuige seo thar a bheith neamhghnách.