skip to main content

Fear ag pléadáil ciontach in athair agus iníon a mharú

Anthony agus Nadine O'Brien
Anthony agus Nadine O'Brien

Sa Phríomh-Chuirt Choiriúil, phléadáil fear 37 bliain d'aois ciontach i bhfear agus a iníon óg a mharú i dTrá Lí i gCo Chiarraí dhá bhliain déag ó shin.

Bhásaigh Anthony O'Brien, 30 bliain, agus a iníon Nadine, a bhí cúig bliana, nuair a chuaigh a dteach cónaithe trí thine i mí na Bealtaine 2012.

Agus é ag labhairt ar nasc físe sa chúirt inniu, phléadáil Philip Griffin neamhchiontach sa bheirt a dhúnmharú ach phléadáil sé ciontach ina ndúnorgain.

Dúirt abhcóide an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí go nglacfadh an Stát leis an bpléadáil sin.

Eisceachadh Philip Griffin go hÉirinn ón mBreatain níos túisce i mbliana.

Philip Griffin

Ag 2 a chlog ar maidin ar an 12 Bealtaine 2012 a lasadh teach mhuintir O'Brien in eastát Arda an Chillín i dTrá Lí.

D'éirigh le Anthony O'Brien a bhean chéile Kelly a scaoileadh síos go talamh as fuinneog sheomra leapa ach faoin am a chuaigh sé faoi chomhair Nadine bhí an tine tar éis leathadh.

Fuair na seirbhísí éigeandála coirp na beirte sa teach ina dhiaidh sin, an iníon ina bhaclainn ag an athair.

Bhí Philip Griffin cúisithe roimhe seo sa teach a chur trí thine ach tugadh le fios sa chúirt inniu go raibh an chúis sin caite amach ó shin.

Gearrfar pianbhreith air faoi dhúnorgain ar an 16 Nollaig.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ