Tá baill de dhá cheardchumann san earnáil sláinte ag vótáil ó inniu faoi dhul i mbun ghníomhaíocht thionsclaíoch agus iad thar a bheith míshásta, a deir siad, faoi easpa foirne.
Bhí agóidí gairide ar bun ag am lóin le cúpla seachtain ag baill den dá cheardchumann – Cumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann agus Fórsa – chun aird a tharraingt ar an gceist.
Deir siad go bhfuil othair agus oibrithe araon thíos leis de bharr srianta a bheith ar dhaoine a earcú sa tseirbhís sláinte.
De réir cheardchumann na n-altraí, tá poist altranais a bhí ann roimhe seo á bhfágáil folamh mar gheall ar na srianta – altraí cúraim ailse agus altraí leanaí ina measc.
Deir na haltraí freisin go bhfuil bainistíocht Fheidhmeanancht na Seirbhíse Sláinte ag iarraidh orthu teacht ag obair laethanta atá siad in ainm a bheith saor agus ragobair a dhéanamh gan aon chúiteamh.
Téann sin ar fad i gcion ar chaighdeán an chúraim is feidir a chur ar fáil d'othair, ar siad.
Ag labhairt di ar RTÉ, dúirt Ard-Rúnaí cheardchumann na n-altraí Phil Ní Sheaghdha go bhfuil altraí scanraithe nach mbeidh siad in ann cúram sábháilte a chur ar fáil d'othair.
Dúirt urlabhraí ó Fheidhmeanancht na Seirbhíse Sláinte, áfach, gur trua go bhfuil rún ag na hoibrithe dul i mbun ghníomhaíocht thionsclaíoch, má tá, go háirithe ó tá maoiniú breise le cur ar fáil ag an Rialtas don tseirbhís sláinte.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ