skip to main content

Aon bhliain déag príosúin gearrtha ar dhuine de dhrong Kinahan

Aon bhliain déag príosúin gearrtha ar Jason O'Connor
Aon bhliain déag príosúin gearrtha ar Jason O'Connor

Sa Chúirt Choiriúil Speisialta, gearradh téarma príosúin aon bhliain déag ar fhear 46 bliain d'aois faoi dhul i mbun comhcheilge le fear a dhúnmharú i mBaile Átha Cliath in 2016.

Sin é Jason O'Connor, as Garrán Bhaile an Fhaoitigh i mBaile Bhlainséir, a bhí bainteach le drong coirpeach Kinahan agus a phléadáil ciontach i bpáirt a bheith aige sa chomhcheilg le Charlie Cooper a dhúnmharú.

Lámhachadh agus gortaíodh Charlie Cooper ina theach cónaithe i bhFaiche Bhaile an Phaslóigh i Mullach Eadrad ar an 5 Nollaig 2016.

Dúradh sa chúirt go raibh Jason O'Connor ag iarraidh Charlie Cooper a mharú i ndíol comrádaí leis, Keith Walker, a lámhachadh agus a maraíodh bliain go leith roimhe sin.

Dúradh gur de dhearmad a maraíodh Keith Walker mar gur shíl lucht an fheillghnímh gur Jason O'Connor a bhí ann. Bhí Keith Walker ag tiomáint ghlulaisteán Jason O'Connor nuair a maraíodh é i gcarrchlós i gCluain Saileach ar an 12 Meitheamh 2015.

Agus an t-ionsaí lámhaigh ar Charlie Cooper á fhiosrú acu, fuair na Gardaí gaireas criptithe i dteach Jason O'Connor.

Ghlac sé ocht mbliana sular tháinig an cás os comhair cúirte, áfach, mar nach rabhthas in ann na teachtaireachtaí a bhí ar an ngaireas a dhíchriptiú go dtí le déanaí.

Chomh maith leis an gcomhcheilg, phléadáil Jason O'Connor ciontach i gcabhrú le drong coirpeach Kinahan dúnmharú a dhéanamh.

Gearradh cúig bliana déag príosúin air ach cuireadh na ceithre bliana dheireanacha ar fionraí.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ