Tá fear agus beirt bhan gafa ag na póilíní sa Tuaisceart maidir le bás linbh.
Fuair an leanbh bás i dteach in eastát tithíochta i nDún Geanainn i gCo Thír Eoghan inné.
Tá an triúr a gabhadh sna fichidí.
Níl á rá ag na póilíní faoi láthair ach go bhfuil amhras orthu faoi bhás an linbh agus go bhfuil siad ag fanacht le torthaí an scrúdaithe iarbháis.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ