Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald nach bhféadfadh sí dada a rá faoi cad is bun leis an líomhain atá déanta in aghaidh iarTheachta Dála an pháirtí Brian Stanley.
D'éirigh Brian Stanley as Sinn Féin arú inné "mar gheall ar phróiseas fiosrúcháin ar chosúil le cúirt bhradach é", mar a dúirt sé féin.
Bhí Brian Stanley ina Theachta Dála ag Sinn Féin i ndáilcheantar Laoise/Laois-Uíbh Fhailí ó 2011 agus tá sé ina chathaoirleach ar an gCoiste um Chuntais Phoiblí le breis agus ceithre bliana.
Tuigtear, ámh, go bhféachfaidh Sinn Féin lena chur as a phost mar chathaoirleach ar an gcoiste sin níos deireanaí inniu.
Agus í ag labhairt ar RTÉ inniu, thug Mary Lou McDonald le fios gur fhiosraigh Sinn Féin an líomhain a rinneadh in aghaidh Brian Stanley i mí Lúnasa agus i mí Dheireadh Fómhair seo a chuaigh thart, agus dúirt gur críochnaíodh an fiosrúchán sin ar an 4 Deireadh Fómhair.
Rinneadh an fiosrúchán "mar ba cheart", arsa sí, agus dúirt nach raibh aon ghlacadh aici le maíomh Brian Stanley gur chosúil le "cúirt bhradach" an próiseas.
Dúirt sí go raibh abhcóide agus aturnae ina theannta i gcruinniú de phainéal smachta a bhí bunaithe ag Sinn Féin.
Thug Mary Lou McDonald le fios freisin go mbaineann an scéal le gearán a rinne ball de Shinn Féin in aghaidh Brian Stanley i mí Iúil. Duine atá sa pháirtí le fada is ea an gearánaí, a dúirt sí.
Dheimhnigh sí chomh maith go ndearna Brian Stanley frithlíomhain.
Tá deireadh curtha ag Sinn Féin leis an bpróiseas inmheánach agus tá an scéal curtha faoi bhráid an Gharda Síochána, arsa sí.
Dá mba iompar coiriúil a bhí curtha i leith Brian Stanley, a dúirt Mary Lou McDonald, bheadh an scéal curtha faoi bhráid na nGardaí ag Sinn Féin a luaithe a rinneadh an líomhain.
I ráiteas ó shin, dúirt Brian Stanley gur chóir an scéal a bheith curtha faoi bhráid na nGardaí ag Sinn Féin ar an 11 Meán Fómhair, tráth a tharraing sé aird an pháirtí "ar cheisteanna tromchúiseacha", mar a dúirt sé.
Mhaígh sé sa ráiteas freisin nárbh fhíor gur cosnaíodh a chearta le linn an phróisis.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ