skip to main content

Marú Sheáin Rooney: imní faoi easpa cabhrach

An tÓglach Éireann Seán Rooney
An tÓglach Éireann Seán Rooney

Deir teaghlach an tSaighdiúra Shingil Seán Rooney go ngoilleann sé orthu go mór nach bhfuil na Náisiúin Aontaithe ag comhoibriú le coiste cróineara i dtaca lena bhás.

Lámhachadh agus maraíodh Seán Rooney sa Liobáin beagnach dhá bhliain ó shin.

Bhí éisteacht i gCúirt Chróinéara Dúiche Bhaile Átha Cliath inniu maidir le cúinsí báis an tsaighdiúra óig.

Dúirt an cróinéir an Dr Myra Cullinane, áfach, cé gur iarr sí cúnamh lena cuid oibre ar na Náisiúin Aontaithe dhá mhí ó shin nach bhfuair sí freagra fós.

Maraíodh Seán Rooney nuair a rinneadh ionsaí lámhaigh ar an bhfeithicil armúrtha a bhí sé a thiomáint i ndeisceart na Liobáine ar an 14 Nollaig 2022. Gortaíodh triúr saighdiúirí eile as Éirinn san ionsaí, duine acu go han-dona.

Baill de ghrúpa armtha a bhí bainteach le Hezbollah a bhí freagrach as an ionsaí.

23 bliain d'aois a bhí Seán Rooney agus ba as an mBaile Nua i gCo Dhún na nGall é. Bhain sé leis an 27ú Cathlán Coisithe atá bunaithe i nDún Mhic Aogáin i nDún Dealgan i gCo Lú.

Dúirt an Dr Cullinane inniu go raibh sé tábhachtach dul sa tóir ar aon eolas a d'fhéadfaí a fháil faoin marú agus an t-eolas sin a chur i láthair an phobail.

Bhí abhcóide Óglaigh na hÉireann agus an Aire Cosanta sa chúirt inniu agus dheimhnigh sé go raibh iarratas an chróinéara ar na Náisiúin Aonaithe pléite ag an Tánáiste Micheál Martin le hoifigigh na heagraíochta sin i Nua-Eabhrac le gairid.

Mar sin féin, thug an t-abhcóide le fios nach bhféadfaí a rá cén uair a thabharfadh na Náisiúin Aonaithe freagra ar an iarratas, gan trácht ar an eolas a bhí de dhíth a chur ar fáil.

Mhaígh aturnae theaghlach Sheáin Rooney go raibh fiosrúcháin éagsúla faoin marú déanta ag na Náisiúin Aonaithe cheana féin ach nach rabhthas toilteanach cuid den eolas a tháinig astu a chur ar fáil.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ