skip to main content

Fear cúisithe i ndúnmharú Mary Ward i mBéal Feirste

Fuarthas corp Mary Ward ina teach cónaithe i mBéal Feirste ar an 1 Deireadh Fómhair
Fuarthas corp Mary Ward ina teach cónaithe i mBéal Feirste ar an 1 Deireadh Fómhair

Tugadh fear 31 bliain d'aois os comhair Chúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath agus é cúisithe i mbean óg a dhúnmharú i mBéal Feirste os cionn coicíse ó shin.

Tá Ahmed Abdirahman, a bhfuil seoladh aige ar Shráid an Dáma i mBaile Átha Cliath, cúisithe i ndúnmharú Mary Ward, 22 bliain, a bhfuarthas a corp ina teach cónaithe i ndeisceart Bhéal Feirste ar an 1 Deireadh Fómhair.

Ba ar an 25 Meán Fómhair a chonacthas ina beatha go deireanach Mary Ward agus creideann na póilíní ó thuaidh gur uair éigin an lá sin a maraíodh í.

Dúirt Garda sinsearach sa chúirt inniu gur gabhadh Ahmed Abdirahman i mBaile Átha Cliath ar maidin inné agus gur cúisíodh é ag 10 a chlog aréir i ndúnmharú Mary Ward.

Tugadh le fios go ndúirt sé "neamhchiontach" nuair a cuireadh an cion ina leith i Stáisiún Gardaí Shráid Chaoimhín.

Dúirt aturnae an chúisí go ndéanfaí iarratas ar bhannaí san Ard-Chúirt "a luaithe ab fhéidir".

Cuireadh Ahmed Abdirahman siar faoi choinneáil agus tabharfar os comhair cúirte arís é ar nasc físe ó Phríosún Chnoc na Seamar seachtain ó inniu.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ