Tá Pádraig 'Tanty' Mac Donncha, iarchigire scoile agus iar-phríomhoide as Conamara tar éis bháis.
Bhí aithne mhór ar Tanty ar fud Ghaeltacht Chonamara agus i dTamhlacht i mBaile Átha Cliath, mar ar fhág sé a lorg ar earnáil an oideachais.
Ba as Loch Con Aortha, Cill Chiaráin, in Iorras Aithneach ó dhúchas do Tanty agus ba mhac é leis an oide scoile Pat Mór Mac Donncha agus a bhean Bairbre.
Ba i nDoire Locháin Thoir ar an Spidéal a bhí cónaí ar Tanty le blianta anuas.
Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Scoil Santain, an chéad Ghaelscoil i dTamhlacht, i 1979 agus ba é an chéad phríomhoide ar an scoil é chomh maith.
Chaith Tanty na blianta ina chathaoirleach ar Choiste Cairde Áras Mhic Dara agus chaith sé seal ar bhord Ospís na Gaillimhe freisin.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ