skip to main content

'Líon grúpaí ainmhithe fiáine tite 73% ó 1970' – tuarascáil

An túcán dubh-mhandabalach: a chinniúint i lámha an chine dhaonna
An túcán dubh-mhandabalach: a chinniúint i lámha an chine dhaonna

Tá líon na ngrúpaí ainmhithe fiáine a ndéantar monatóireacht rialta orthu tite 73% ar an meán ar fud an domhain ó 1970, de réir an mheasúnú is deireanaí ó Chiste Domhanda an Fhiadhúlra.

Tá an measúnú bunaithe ar 35,000 grúpa ainmhithe lena n-áirítear os cionn 5,000 speiceas idir mhamaigh, éanlaith, amfaibiaigh, reiptílí agus éisc.

Scrios gnáthóg, róshaothrú talún, speicis ionracha, galair, athrú aeráide agus truailliú is mó is cúis leis an meath ollmhór, de réir lucht taighde.

Go sonrach, is é córas táirgthe bia an chine dhaonna is mó is cúis le scrios gnáthóg, a deirtear sa tuarascáil.

Thar aon mhór-réigiúin eile, is measa an tionchar atá ag athrú aeráide ar an bhfiadhúlra i Meiriceá Theas agus i limistéar Mhuir Chairib.

Go deimhin, tá an líon ainmhithe in áiteanna sa dá réigiún sin tite 95%, sin i bhfad os cionn an mheáin.

Taipir fhiáin i gCósta Ríce

Tá eolaithe ann a deir nach féidir nó nach furasta meath an fhiadhúlra a mheas go beacht ar bhonn céatadánach ach, ina ainneoin sin, glactar leis go bhfuil an pointe ginearálta sa tuarascáil nua cruinn.

Liosta le háireamh atá sna speicis atá á ndíothú i Meiriceá Theas – taipirí, túcáin, tamairíní agus fianna sa Bhrasaíl, cuir i gcás, a bhfuiltear ag brath orthu le síolta torthaí a scaipeadh i bhforaois bháistí na tíre sin.

Is i Meiriceá Thuaidh, san Áise agus i limistéar an Aigéin Chiúin is mó a bhraitear tionchar an truaillithe.

Órang-útan i mBoirneo

Os a choinne sin, is san Eoraip, san Áise Láir agus i Meiriceá Thuaidh is lú atá an fiadhúlra meata, a bhuíochas sin, a deirtear, do thograí caomhnaithe agus athbhunú speiceas.

Mar sin féin, tá meath tromchúiseach tagtha ar an bhfiadhúlra sna háiteanna sin chomh maith le gach áit eile – leithéidí an bhráthar i mBá Thrá Lí, mar a tuairiscíodh ar RTÉ inné.

Ní bheathaíonn na briathra na bráithre
Tá an tuinnín gorm Atlantach i mbaol

Dúirt urlabhraí ó Chiste Domhanda an Fhiadhúlra nach é an fiadhúlra amháin atá thíos leis ó tá an cine daonna féin ag brath ar na héiceachórais atá ag imeacht as.

Is tráthúil an tuarascáil é ó táthar le tús a chur le comhdháil mhór na Náisiún Aontaithe maidir le bithéagsúlacht sa Cholóim seachtain ón Luan seo chugainn.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ