Tá duine sinsearach i mbuíon ollchoiriúlachta Kinahan gafa ag na húdaráis in Dubai. Sin é Seán McGovern as Baile Átha Cliath a gabhadh go moch ar maidin inniu ar bharántas a bhí eisithe ina leith ag Interpol.
Tá na Gardaí ag iarraidh Seán McGovern a cheistiú faoi dhúnmharú Noel Kirwan a lámhachadh i gCluain Dolcáin i Baile Átha Cliath i mí na Nollag 2016.
Maraíodh Noel Kirwan mar chuid den aighneas fionaíolach idir bhuíonta coiriúlachta Kinahan agus Hutch, tar éis nach raibh sé féin bainteach le coiriúlacht.
Tá Seán McGovern ar dhuine de sheachtar ó bhuíon Kinahan ar chuir na húdaráis sna Stáit Aontaithe smachtbhannaí sócmhainní orthu in 2022.
Tá ceannaire na buíne Daniel Kinahan, a athair Christopher agus a dheartháir Christopher Óg i measc an tseachtair chomh maith.
Lámhachadh agus gortaíodh Seán McGovern san ionsaí a rinne lucht Hutch ar Óstán an Regency i mBaile Átha Cliath i mí Feabhra 2016 inar maraíodh a chomhchoirpeach David Byrne.
Leanadh leis an bhfionaíol agus maraíodh sé dhuine dhéag eile ina dhiaidh sin.
Is as Droimeanach i ndeisceart Bhaile Átha Cliath Seán McGovern.
Tá maoin leis tógtha ag an mBiúró um Shócmhainní Coiriúla cheana, teach i gCromghlinn ina measc.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ