Tá an riachtanas Gaeilge d'ábhair mhúinteoirí ag cur bac ar dhaoine as ceantair faoi mhíbhuntáiste dul leis an múinteoireacht, a deirtear i dtuarascáil nua ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.
Pointí arda san Ardteistiméireacht, na costais a bhaineann le hollscolaíocht agus easpa misnigh na constaicí eile atá le sarú ag daoine óga as na ceantair sin ar mian leo dul leis an múinteoireacht, de réir na tuarascála.
Chuir na taighdeoirí agallamh ar sheacht nduine dhéag as ceantair atá faoi mhíbhuntáiste atá ag tabhairt faoin gcúrsa múinteoireachta.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ