skip to main content

"D'iarr BAM €25 milliún as obair a chosain €200,000" – Aire Sláinte

An tAire Sláinte Stephen Donnelly
An tAire Sláinte Stephen Donnelly

Tá sé tugtha le fios ag an Aire Sláinte Stephen Donnelly gur iarr an comhlacht tógála BAM €25 milliún ar an Stát as obair a chosain €200,000.

Obair a bhain le greillí aerchóirithe san ospidéal nua leanaí a bhí i gceist, a dúirt Stephen Donnelly.

Ag labhairt dó ag éisteacht de Choiste um Shláinte an Oireachtais, mhaígh Stephen Donnelly gur tugadh le fios go mbeadh moill roinnt míonna ar an togra tógála de bharr na hoibre. Ar deireadh, arsa sé, is moill roinnt seachtainí a bhí ann.

Dúirt an tAire go mb'fhéidir gur earráid riaracháin a bhí sa sonrasc luach €25 milliún a chuir BAM chuig an Stát as an obair.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ