skip to main content

Fear cúisithe i ndúnorgain Kyle McDermott i gCo Thír Eoghain

Kyle McDermott
Kyle McDermott

Tugadh fear 24 bliain d'aois os comhair cúirte i nDun Geanainn i gCo Thír Eoghain agus é cúisithe i ndúnorgain fir as Co Dhún na nGall an deireadh seachtaine seo caite.

Tá Daniel Hanna as an Srath Bán cúisithe i ndúnorgain Kyle McDermott, 24 bliain, a bhásaigh i ndiaidh achrainn a tharla taobh amuigh dá áras cónaithe i mBaile Mhic Gofraidh i gCo Thír Eoghain oíche Dé Domhnaigh.

Ní dhearna an cúisí aon phléadáil sa chúirt inniu.

Ní dhearnadh aon iarratas ar bhannaí agus cuireadh Daniel Hanna siar faoi choinneáil.

Tabharfar os comhair cúirte arís é ar nasc físe níos deireanaí an mhí seo.

Ba as an mBeart i gCo Dhún na nGall do Kyle McDermott.

Bhí sé ina ina chónaí i mBaile Mhic Gofraidh agus bhí sé ag obair mar thiománaí tochaltóra sa cheantar.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ