Tá fear gafa ag na Gardaí i mBaile Átha Cliath maidir le dúnmharú mná a bhfuarthas a corp ina teach cónaithe i mBéal Feirste ocht lá ó shin.
Fuair na póilíní corp Mary Ward, a bhí 22 bliain d'aois, sa teach ar Shráid Mhaolrois i ndeisceart Bhéal Feirste ar an 1 Deireadh Fómhair tar éis gur ar an 25 Meán Fómhair a chonacthas go deireanach í.
Is i dtús na seachtaine seo a chuir na póilíní tús le fiosrúchán dúnmharaithe i ndiaidh dóibh, a deir siad, bás na mná a fhiosrú go mion.
Tá sé tagtha chun solais gur inis Mary Ward do na póilíní i mBéal Feirste ar an 4 Meán Fómhair go ndearnadh ionsaí foréigneach uirthi agus tá sé deimnithe freisin go raibh teagmháil idir í agus na póilíní ar roinnt ócáidí idir sin agus an 25 Meán Fómhair, an lá sin san áireamh.
Tá an cás curtha faoi bhráid Oifig Ombudsman na bPóilíní sa Tuaisceart ar an mbonn gur "údar imní" an dóigh a ndeachaigh na póilíní i ngleic leis an teagmháil a bhí acu le Mary Ward sular maraíodh í.
Deir na Gardaí go bhfuil an fear atá gafa acu á choinneáil i stáisiún i mBaile Átha Cliath.
Deir siad leis go bhfuil siad ag obair i gcomhar leis na póilíní sa Tuaisceart maidir leis an gcás.
I ráiteas dá gcuid féin, thug na póilíní ó thuaidh le fios gur fear 26 bliain atá sa té a gabhadh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ