Tá reachtaíocht nua maidir leis an gcóras pleanála a leasú le cur os comhair Dháil Éireann ag an Rialtas anocht sula gcaithfear vóta deiridh air.
De réir na reachtaíochta, tabharfar an Coimisiún Pleanála ar an mBord Pleanála feasta agus beidh rannóga ar leith freagrach as trí réimse ar leith de ghnó na heagraíochta, mar atá, obair chorparáideach, cúrsaí rialachais agus cinntí a dhéanamh.
Leasófar freisin an próiseas a bhaineann le hathbhreithniú breithiúnach a iarraidh i dtaobh aon chinneadh a dhéanfas an Coimisiúin Pleanála.
Beidh ar leithéidí grúpaí áitritheoirí riachtanais áirithe a chomhlíonadh sula gceadófar athbhreithniú breithiúnach dóibh.
Ceann de na riachtanais sin is ea go gcaithfidh grúpaí áitritheoirí bunreacht a bheith acu. Ceann eile is ea go mbeidh ar bhaill na ngrúpaí sin vóta a chaitheamh ar athbhreithniú breithiúnach a lorg.
Tá 900 bileog sa reachtaíocht, ar ceann de bheartais an Rialtais é le dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta.
Tá "an easpa plé" ar na dlíthe nua cáinte ag urlabhraí tithíochta Shinn Féin, Eoin Ó Broin, áfach.
Mhaígh sé gur mó an dochar ná an sochar a dhéanfas a bhfuil sa reachtaíocht agus dar leis go mbeidh níos mó cásanna dlí ann de bharr na srianta atá le cur ar athbhreithniú breithiúnach a lorg.
Dúirt Oisín Coghlan ón eagraíocht chomhshaoil Cairde na Cruinne nár chóir taiscéalaíocht agus saothrú gáis i bhfarraigí na hÉireann a bheith curtha san áireamh sa reachtaíocht nua.
Nuacht agus Cúrsaí Reattha RTÉ