skip to main content

16 dhuine cúisithe tar éis agóidí i mBÁC inné

Tá 16 dhuine cúisithe maidir le heachtraí le linn agóidí i lár chathair Bhaile Átha Cliath inné.

B'éigean do Ghardaí dul i ngleic le roinnt eachtraí oird phoiblí sa phríomhchathair, agus gabhadh 22 dhuine.

Gabhadh 14 fhear agus 8 ban idir na ficeadhaí agus sna seascadaí, agus cúisíodh 16 díobh ó shin.

Baineann na cúisimh go príomha le cionta oird phoiblí, chomh maith le cúisimh ionsaithe, damáiste coiriúil agus sceana bheith i seilbh daoine.

Tugadh fear amháin os comhair cúirte cheana féin, agus tá triúr eile le teacht os comhair na Cúirte Dúiche i mBaile Átha Cliath inniu.

Cúisíodh 13 dhuine eile, scaoileadh saor iad agus tabharfar ar ais os comhair cúirte iad sna seachainí atá romhainn amach.

Pléifear leis an gcuid eile de na daoine faoin Scúim um Rabhadh Aosach.