Seolfar ar maidin inniu an chéad togra tithíochta atá curtha i gcrích ag an nGíomhaireacht Forbartha Talún ar thailte de chuid an Stáit.
Togra i bpáirt le Comhairle Dhún Laoghaire-Rath an Dúin é Caisleán Sheangánaí, scéim nua mbeidh 597 aonad cónaithe ann nuair a bheidh sé críochnaithe amach.
Sa chéad chéim, beidh 51 teach inacmhainne, 197 arasán ar cíos costais agus 35 árasán sóisialta.
Deir an GFT go dtosóidh praghas na dtithe inacmhainne ag €344,600 de bharr gur leis an Stát sciar den teach ar dtús go dtí go mbeidh an sciar sin íoctha ag an úinéir, nó go mbeidh an teach á dhíol.
Comhairle Dhún Laoghaire-Rath an Dúin a choineoidh an sciar sna tithe.
€1,175 é an cíos míosúíl ar na harasáin is lú sa scéim.
An 9 Deireadh Fómhair a bheidh deis ag ceannaitheoirí cáilithe cur isteach ar na 52 teach, agus níos deireanaí i mblian do na 195 árasán.
Tiocfaidh an fuílleach, na 316 árasán eile sa sceim, chun an margaidh ina ndá chéim ar leith i 2025.
An Taoiseach agus an tAire Tithíochta Darragh O'Brien a sheolfaidh an scéim.
Tá sé de chúram ar an nGníomhaireacht Forbartha Talún comhordú a dhéanamh ar áítrimh sóisialta agus inacmhainne a thabhairt i gcríóch ar thailte Stáit.
Deir John Coleman, príomhfheidhmeannach an GFT, gur léíriú é a scéim seo ar an Stát bheith ag filleadh ar soláthar díreach a dhéanamh a thithe.
Bhí súil, a dúirt sé, go mbeadh 10,000 á soláthar sna 20 scéim atá ar na bacáin ag an GFT.