skip to main content

Iarratais ar fhiosrúcháin phoiblí faoi dhúnmharaithe diúltaithe

John agus Kevin McKearney a dúnmharaíodh i gCo Thír Eoghain i 1992
John agus Kevin McKearney a dúnmharaíodh i gCo Thír Eoghain i 1992

Dhiúltaigh Stát-Rúnaí an Tuaiscirt Hilary Benn dhá iarratas ar fhiosrúcháin phoiblí a bhunú faoi dhúnmharú cheathrar Caitliceach i gCo Thír Eoghain i 1992.

Lámhach agus mharaigh an UVF Kevin McKearney agus a uncail John ina siopa búistéara i sráidbhaile an Mhaí in oirthear Thír Eoghain i mí Eanáir 1992.

Ocht mí ina dhiaidh sin, lámhach agus mharaigh an UVF lánúin phósta, Charles agus Teresa Fox, ina dteach feirme taobh amuigh den Mhaigh.

Bhí Kevin McKearney pósta ag iníon le muintir Fox, Bernie.

Creidtear go raibh fórsaí míleata na Breataine claonpháirteach leis na dílseoirí a mharaigh an ceathrar.

Tá sé tugtha le fios ag Hilary Benn do theaghlaigh an cheathrair, áfach, nach mbunófar fiosrúcháin phoiblí faoi na dúnmharuithe mar a d'iarr siad mar gurbh fhearr, dar leis, aon fhiosrúcháin a fhágáil faoin gCoimisiún Neamhspleách um Athmhuintearas agus Aimsiú na Fírinne.

Bernie McKearney le pictiúir dá fear céile Kevin agus dá muintir Charles agus Teresa Fox

Dúirt Bernie McKearney, áfach, nárbh in é deireadh an scéil agus go n-iarrfadh na teaghlaigh ar chúirt cinneadh Hilary Benn a chur ar neamhní.

Dé hAoine seo caite, d'fhógair Hilary Benn nach mbunófaí fiosrúchán poiblí faoi chás Sheáin Brown, fear Caitliceach ar dhúnmharaigh dílseoirí é i gCo Dhoire i 1997.

Os a choinne sin, dhá lá roimhe, d'fhógair an Stát-Runaí go mbunófaí fiosrúchán poiblí faoi dhúnmharú an aturnae Pat Finucane a lámhachadh i mBéal Feirste i 1989.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ