Léiríonn pobalbhreith nua go bhfuil ardú 4% tagtha ar thacaíocht Fhine Gael ó mhí na Bealtaine.
Deir 27% de na daoine a ceistíodh i bpobalbhreith an Irish Times/Ipsos go vótálfaidh siad don pháirtí sin san olltoghchán, sin an céatadán is airde le trí bliana.
Tá íslíú tagtha ar thacaíocht Shinn Féin, ó 23% go 20%, agus tá Fianna Fáil tite ó 20% go 19%.
Os a choinne sin, tá an Comhaontas Glas ardaithe go 5% ó 4% agus tá Páirtí an Lucht Oibre ardaithe go 6% ó 5%.
D'ardaigh tacaíocht na nDaonlathaithe Sóisialta chomh maith, ó 3% go 4%.
Níor athraigh céatadáin dhá pháirtí eile, mar atá, Pobal Roimh Bhrabús-Dlúthpháirtíocht (2%) agus Aontú (1%).
Tá tacaíocht na dTeachtaí Dála Neamhspleácha tite ó 17% go 16%.
Rinneadh an phobalbhreith idir 14-17 Meán Fómhair agus tá lamháil earráide 2.8% ag baint leis, ceachtar dá líona.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ