Meastar go leagfaidh an Rialtas amach sa Bhuiséad, seachtain ón Máirt seo chugainn, conas a chaithfear an t-amhantar mór cánach ó Apple.
I gcruinniú de pháirtí parlaiminte Fhine Gael aréir, thug an Taoiseach Simon Harris le fios go raibh súil aige go mbeadh cinneadh déanta ag an Rialtas maidir leis an airgead faoin 1 Deireadh Fómhair.
An tseachtain seo caite, rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais Eorpach go gcaithfeadh Apple €13 billiún i gcánacha a íoc le hÉirinn, mar a bhí ordaithe ag an Aontas Eorpach in 2016.
Bhí an t-airgead i dtaisce i gcuntas eascró fad is a bhí an cás ar siúl agus de bharr úis is fiú €14.1 billiún anois é.
Sa chruinniú aréir, dheimhnigh an Taoiseach go n-infheisteofaí an t-airgead i mbonneagar an Stáit a fhorbairt tuilleadh.
Tuigtear gur bonneagar tithíochta, uisce agus fuinnimh a bhí ar intinn aige.
Tá sé socraithe cheana féin ag an Rialtas gan an t-airgead a chur ar fáil faoi thuairim caiteachais laethúil ná chun laghduithe cánach a chúiteamh don Státchiste.
Dar le Sinn Féin, áfach, ba chóir guth a thabhairt don phobal ar an gceist agus fanacht go dtí tar éis an olltoghcháin sula ndéanfaí aon chinneadh faoin airgead.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ