skip to main content

'77 ionad altranais dúnta ar fud an Stáit ó 2018'

'Is i gceantair thuaithe is mó a bhí na hionaid altranais a dhún sa Stát seo le sé bliana' – Ionaid Altranais Éireann
'Is i gceantair thuaithe is mó a bhí na hionaid altranais a dhún sa Stát seo le sé bliana' – Ionaid Altranais Éireann

Tá sé á mhaíomh ag eagraíocht ionadaíochta gur dhún 77 ionad altranais ar a laghad sa Stát le sé bliana mar gheall ar chostais arda agus mar gheall ar mhí-éifeacht na scéime dá ngairtear Scéim Chothrom na Féinne.

Ag comhdháil bhliantúil na heagraíochta Ionaid Altranais Éireann, dúradh gur dhún seacht n-ionad altranais go dtí seo i mbliana agus gur cailleadh 2,600 leaba dá bharr.

Is i gceantair thuaithe is mó a bhí na hionaid altranais sin, a dúradh.

Mar le Scéim Chothrom na Féinne, dúirt príomhfheidhmeanach na heagraíochta Tadhg Daly go raibh an scéim ann le cúig bliana déag, go raibh sé seanchaite faoi seo agus gur ghá a leasú gan mhoill.

Faoi Scéim Chothrom na Féinne, íocann daoine méid áirithe as a gcúram agus íocann Feidhmeacht na Seirbhíse Sláinte an chuid eile.

Dá mhéid sócmhainní atá ag daoine is ea is mó a íocann siad agus, a mhalairt sin go cruinn, dá laghad sócmhainní atá acu is ea is lú a íocann siad.

Cuirtear coigilteas agus réadmhaoin san áireamh nuair atá cúinsí airgeadais daoine á measúnú.

Níl aon ghlacadh ag an Aire Stáit sa Roinn Sláinte, Mary Butler, lena bhfuil á thabhairt le fios ag Ionaid Altranais Éireann, áfach.

Dúirt sí go bhfaigheann gach ionad altranais €1,000 ar a laghad as gach áitritheoir in aghaidh na seachtaine.

Mhaígh sí freisin go raibh idir 900 agus 1,000 leaba bhreise curtha ar fáil [le gairid] ag soláthraithe nua san earnáil.

Thart ar 22,300 duine atá ina gcónaí in ionaid altranais sa Stát, de réir an Aire Stáit.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ