Tuairiscítear go bhfuil an Rialtas ag breathnú ar luach suas le €250 i gcreidmheas fuinnimh a thabhairt isteach i mBuiséad 2025 atá le fógairt seachtain ón Máirt seo chugainn, 1 Deireadh Fómhair.
Is cosúil nach bhfuil aon chinneadh deiridh déanta faoin moladh sin, ámh, agus d'fhéadfadh sé, cuir i gcás, go gcuirfí an creidmheas ar fáil ina dhá chuid ag amanna éagsúla.
Tá a mbeidh sa Bhuiséad go ginearálta leagtha amach ag an Aire Airgeadais Jack Chambers agus ag an Aire Caiteachais Phoiblí Paschal Donohoe i gcomhar le triúr ceannairí an Chomhrialtais.
Meastar nach gcuirfear an oiread airgid ar fáil do dhaoine i mbliana agus a cuireadh anuraidh le cuidiú leo dul i ngleic leis an gcostas ard maireachtála.
Os cionn €2 bhilliún a cuireadh ar fáil sa Bhuiséad anuraidh ach dealraíonn sé gur suim idir €1 bhilliún agus €2 bhilliún a bheas ann i mbliana.
An moilliú atá tagtha ar ráta an bhoilscithe idir dhá linn is cúis leis sin.
Tá sé dearbhaithe cheana go bhfuil cáin nua le gearradh ar dhaoine seachas feirmeoirí faoi thalamh a fhágáil díomhaoin.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ