Tá dhá choláiste tréidliachta nua le bunú i dtrí ionad oideachais sa Stát.
Is ar champais Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh i nDún na nGall agus i nGaillimh a bheas coláiste amháin lonnaithe, agus is in Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt i gCill Chainnigh a bheas an ceann eile.
Tuigtear go bhfógróidh an Taoiseach agus na hAirí Patrick O'Donovan agus Charlie McConalogue an scéala ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta inniu.
Cuirfear €50 milliún ar fáil le tús a chur leis an dá choláiste agus táthar ag súil go mbeidh mic léinn in ann freastal ar chúrsaí tréidliachta iontu ón mbliain seo chugainn ar aghaidh.
Bainfidh 80 mac léinn breise céim tréidliachta amach gach bliain de bharr na gcúrsaí nua.
Níl céim tréidliachta ar fáil faoi láthair ach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ