skip to main content

Fear gafa faoi theileafóin phóca ghóchumtha a sholáthar

Fear á cheistiú ag na Gardaí i mBaile Átha Cliath
Fear á cheistiú ag na Gardaí i mBaile Átha Cliath

Tá fear sna daichidí gafa ag na Gardaí mar chuid d'fhiosrúchán atá ar bun acu maidir le teileafóin phóca ghóchumtha a bheith á soláthar.

Gabhadh an fear inné agus tá sé á choinneáil i stáisiún Gardaí i mBaile Átha Cliath.

Ina cheann sin, tá ceithre chuntas bainc déag calctha ag na Gardaí agus tá €143,245 in airgead tirim coigistithe acu.

Dar leis na Gardaí go bhfuil comhlacht amháin thart ar €10 milliún caillteach de bharr fóin phóca ghóchumtha a bheith á ndíol go neamhdhleathach.

Is é Aonad um Choireacht Maoin Intleachtúil an Gharda Síochána atá i mbun an fhiosrúcháin.

Is rannóg é an t-aonad sin den Bhiúró Náisiúnta um Imscrúdú Coiriúil.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ