Tá ardú tagtha ar an meánchíos náisiúnta sa chéad ráithe den bhliain, dar leis an tuairisc is deireanaí ón RTB, an Bord um Thionóntachaí Cónaithe.
8.1% é an t-ardú i gcás tionóntachtaí nua agus 5.9% é an t-ardú i igcás thionóntachtaí leanúnacha.
Tá an t-ardú ar an gcíos do thionónachtaí nua i mBaile Átha Cliath ag moilliú i gcomparáid leis an gcuid eile den Stát: 6.3% san ardchathair agus 12.2% taobh amuigh di.
Is ísle é a meánchíos do thionóntachtaí leanúnacha ná tionóntachtaí nua. Ar bhonn náísiúnta íocann tionóntachtaí nua €1,612 sa mhí le hais €1,391 do thionóntaithe leanúnacha.
Tá Carraig Uí Laighin agus Co. na Gaillimhe cáilithe anois le cur san áireamh mar RPZ, Crios Bru Cíosa. Seo na ceantair a bhfuil uasmhéid 2% curtha ar arduithe bliantúla cíosa, agus cuirtear ceantair nua san áireamh nuair a thagann ardú os cionn 7% ar chíosanna iontu ar feadh 4 ráithe as a chéile.
Ag an ardchathair atá an meánchíos is airde do thionótachtaí nua, sin €2,128 sa mí. Tá cathair na Gailimhe sa dara áit ar €1,720 sa mí.
I gcathair Luimnigh a bhí an t-ardú is mó sa Stát, sin 18.3% go dtí €1,522 sa mhí.
Go náisiúnta is é an meánchíos do thionóntachtaí nua é €1,612.
Tá difríocht shuntasach idir na meánchíosanna do thionóntachtai nua agus do thionóntachtaí leanúnacha, agus íocfaidh tionóntaithe nua níos mó gach áit sa Stát.
I mBaile Átha Cliath tá difríocht de €299 sa mhí idir an dá chineál tionóntachtaí agus go náísiúnta difríocht de €221 atá ann.
Deir stiúrthoir an RTB Rosemary Steen go bhfuil cíosanna ag dul in airde i gcónaí, ach go bhfuil comharthaí ann go bhfuil an ráta ardaithe ag moilliú.