Is féidir gur bagairt ar stoc an bhradáin fháin é gur éalaigh líon mór bradán as feirm éisc ar an gCaoláire Rua, a deir Iascaigh Intíre Éireann.
Deir an Dr. Cathal Gallagher Ceann Taighde agus Forbartha IIÉ go bhfuil nasc ar leith ag an mbradán fiáin lena abhantrach. Tá an bradán fiáin, ón oighearaois i leith, múnlaithe agus in oiriúint don abhantrach sin inar shíolraigh sé, a deir sé.
Tá imní ann má phóraíonn bradáin ón bhfeirm le bradáin fhiána dúchascha, nach mbeidh an bradán in ann é féin a chur in oiriúínt dá thimpeallach níos mó.
Cuirfidh sé seo níos mó brú ar an mbradán fiáín, a dúirt Cathal Gallagher, spéicis atá faoi bhrú cheana.
Níl a fhios ag Iascaigh Intíre Éireann cé mhéad bradán a d'éalaigh ón bhfeirm ach gur líon mór a d'éalaigh, agus nach furasta an dá chineál bradáin a aithint thar a chéile.
He said the IFI does not know how many fish escaped, but believes it was a large number, and he said it can be difficult to tell the difference between the farmed and wild fish.
Tá tuairiscí á gcur chuig IIÉ faoi bhradáin fheirme bheith le feiceáil in abhantraigh
Iarrtar ar dhaoine a thagann ar bhradáin feirme iad a ghabháil, clib a chur orthu agus tuairisc a chur chuig 0818 34 74 24.