Fuarthas fear Éireannach 29 mbliana d'aois marbh i gcillín príosúin sa Phortaingéal.
Ghaibh póilíní sa Phortainéil an fear Dé Máirt maidir le hionsaí a líomhnaíodh a rinne sé ar a pháirtí.
Tugadh an bhean chuig an ospidéal áit ar cuireadh cóir leighis ar chréachta sceana ón ionsaí a rinneadh uirthi.
Scaoileadh an bhean saor ón ospidéal ó shin.
Tuigtear go ndeachaidh an lánúin chuig Albufeira le freastal ar ócáid shóisialta níos luaithe sa tseachtain.
Tá fiosrúchán curtha ar bun agus tá an Garda i dteagmháil le húdaráis na Portaingéile agus leis na teaghlaigh.
Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha ar an eolas faoin eachtra agus tá cúnamh consúlachta á chur ar fáil.