Creideann 63% de vótóirí a bhreathnaigh ar an díospóireacht uachtaránachta sna Stáit Aontaithe aréir go bhfuair an Daonlathaí Kamala Harris an ceann is fearr ar an bPoblachtach Donald Trump, más fíor do mhion-phobalbhreith a rinne CNN.
Is suntasach an cor é ón díospóireacht dheireanach idir Joe Biden agus Donald Trump i ndeireadh mhí an Mheithimh. De réir an phobalbhreith a rinneadh an tráth úd, dúirt 67% de na vótóirí gur chreid siad gurbh é Donald Trump a rug an chraobh leis.
Mar sin féin, dúirt formhór na vótóirí a bhreathnaigh ar an díospóireacht a bhí ar siúl in Philadelphia aréir nach n-athróidís a vóta de bharr a bhfaca siad. Os a choinne sin arís, ba iad lucht tacaíochta Trump ba mhó a thug le fios go mb'fhéidir go ndéanfaidís athmhachnamh ar a rún.
De réir na dtráchtairí ar fad nach mór, thug Kamala Harris lán a léine do Donald Trump sa díospóireacht aréir, murar chaoch sí amach go hiomlán é.
Cháin sí go láidir polasaí Trump maidir le ginmhilleadh, tharraing aird ar na cásanna dlí ar fad atá á dtabhairt ina aghaidh agus chaith amhras ar a acmhainn uachtaránachta.
Samhlaíonn sé gur chuir an méid sin fearg ar Trump agus ba go dalba stainceach a d'aisfhreagair sé í.
Bhí sé ar a ábhar féin go minic agus tharraing sé as tobar na bréagnuachta nuair a d'aithris sé scéala faoi imircigh as Háítí a bheith ag ithe peataí daoine – idir mhadraí agus chait – in Springfield, Ohio.
Nuacht agus Cúrsai Reatha RTÉ