skip to main content

Gardaí i mbun cuardaigh ar chnámhiarsmaí Arlene Arkinson

Gardaí i mbun cuardaigh ar chnámhiarsmaí Arlene Arkinson i gcoillearnach Bhaile Bó i gCo Dhún na nGall
Gardaí i mbun cuardaigh ar chnámhiarsmaí Arlene Arkinson i gcoillearnach Bhaile Bó i gCo Dhún na nGall

Den dara lá as a chéile, tá Gardaí i nDún na nGall i mbun cuardaigh ar chnámhiarsmaí cailín scoile as Co Thír Eoghain a dúnmharaíodh 30 bliain ó shin.

Bhí Arlene Arkinson cúig bliana déag nuair a cheiliúir sí gan tásc gan tuairisc ar an 13 Lúnasa 1994.

Ba as Caisleán na Deirge Arlene agus chonacthas í go deireanach i mBun Dobhráin in éindí le Robert Howard, fear as Co Laoise a ciontaíodh blianta ina dhiaidh sin i gcailín a éigniú agus a dhúnmharú i Sasana.

Is i gcoillearnach Bhaile Bó i gceantar Ghleann Fhinne i lár Dhún na nGall atá an cuardach ar bun inniu.

Rinne cuardach eile ar chnámhiarsmaí Arlene i gceantar Chaisleán na Finne níos luaithe i mbliana ach a bhurral níor fritheadh.

In 2002, cúisíodh Robert Howard i ndúnmharú Arlene Arkinson ach fuarthas neamhchiontach é in 2005. Fuair sé bás i bpríosún i Sasana in 2015.

Bunaíodh coiste cróinéara maidir le bás Arlene in 2007 agus rialaigh an cróinéir Brian Sherrard in 2021 go mba é ba dhóichí gur dhúnmharaigh Robert Howard í.

Maíonn deirfiúr Arlene, Kathleen Arkinson, go raibh Robert Howard ina ghníomhaire ar son stát na Breataine agus tá sí ag iarraidh ar na húdaráis an cás a fhiosrú arís go mion.

Tionóladh bigil agus nochtadh leacht i gcuimhne Arlene i bPáirc Chaisleán na Finne i gCaisleán na Deirge an mhí seo caite.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ