Tá an comhlacht acmhainní daonna as na Stáit Aontaithe UKG le 200 post nua a chruthú i gCill Chainnigh.
Is ag obair i réimse na cibearshlándála is mó a bheas na hearcaigh nua ach beidh seirbhísí custaiméirí agus taighde agus forbairt i gceist chomh maith.
Tá an Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail (GFT Éireann) ag tacú leis an infheistíocht úr.
Dúirt uachtarán UKG Hugo Sarrazin go bhfuil 80,000 custaiméir ag an gcomhlacht ar fud an domhain agus thug le fios gur socraíodh ar na poist nua a chruthú i gCill Chainnigh thar aon áit eile mar gheall ar an rath atá ar an earnáil teicneolaíochta sa réigiún cheana féin.
Is fíor sin, arsa príomhfheidhmeannach GFT Éireann Michael Lohan, agus dúirt sé freisin go bhfuil go leor daoine atá cáilithe sa chibearshlándáil lonnaithe i gCill Chainnigh.
Dúirt an Taoiseach Simon Harris go mb'áthas leis an scéala agus tharraing sé féin aird chomh maith ar an mborradh atá faoin earnáil teicneolaíochta sa réigiún.
Fógraíodh inniu freisin go bhfuil an comhlacht bainistithe sonraí NetApp le 60 post nua a chruthú i gCorcaigh.
Is i rannóg forbartha bogearraí an chomhlachta a chuirfear na poist nua ar fáil.
Is i gCeantar na nDugaí i gCorcaigh atá ceannionad idirnáisiúnta NetApp bunaithe.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ