Tugadh fear sna caogaidí os comhair Chúirt Dúiche Luimnigh inniu agus é cúisithe in ionsaí a dhéanamh ar bhean a fuair bás san ospidéal an lá dar gcionn.
Tá Patrick Lawlor as Sráid Mhala Uachtarach i gcathair Luimnigh cúisithe in ionsaí a dhéanamh ar Louise Muckell agus i ndíobháil a dhéanamh di dá bharr i dteach i gCois Daoile i Ráth Caola ar an 19 Iúil 2022.
Bhásaigh Louise Muckell, a bhí 54 bliain, in Ospidéal na hOllscoile, Luimneach an lá ina dhiaidh sin.
Iarmhúinteoir ceoil, amhránaí agus ceoltóir cumasach ab ea í. Mhúin sí an pianó i Meánscoil na Trócaire i Ráth Caola agus bhí sí páirteach sa chór áitiúil.
Dúirt Garda sa chúirt inniu nach ndúirt Patrick Lawlor aon ní nuair a cúisíodh é san ionsaí.
Scaoileadh saor an cúisí ar bannaí faoi réir roinnt coinníollacha agus socraíodh é a chur ar a thriail sa Chúirt Chuarda.
Roimhe an triail, pléifear an cás i gCúirt Dúiche Luimnigh arís ar an 23 Deireadh Fómhair.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ