skip to main content

Deireadh curtha le socrú urraíochta idir Shane Lowry agus Kingspan

'I bpáirt le chéile a rinne Shane Lowry agus Kingspan an cinneadh deireadh a chur leis an socrú urraíochta'
'I bpáirt le chéile a rinne Shane Lowry agus Kingspan an cinneadh deireadh a chur leis an socrú urraíochta'

Tá sé fógartha ag an ngalfaire Shane Lowry nach mbeidh an comhlacht táirgí tógála Kingspan ag déanamh urraíochta air níos mó.

I ráiteas, dúirt Shane Lowry gur i bpáirt le chéile a rinne sé féin agus Kingspan an cinneadh deireadh a chur leis an socrú urraíochta.

Tá daoine ag iarraidh ar an ngalfaire deireadh a chur leis an socrú ó tharla an dóiteán i mbloc árasán Grenfell Tower i Londain in 2017 inar maraíodh 72 duine.

I dtuarascáil a heisíodh faoin tubaiste an tseachtain seo caite, cáineadh Kingspan go láidir agus dúradh gur chruthaigh an comhlacht "margadh bréige" maidir le hinsliú i bhfoirgnimh áirithe.

Cé go raibh ábhar inslithe de chuid Kingspan sa túr, dúradh sa tuarascáil nach raibh aon bhaint ag an ábhar sin le leathadh na tine agus gur cuireadh ann é i ngan fhios don chomhlacht.

Tuairscíodh ar nuachtán an Guardian go raibh gaolta le roinnt de na daoine a maraíodh in Grenfell chomh maith le daoine a tháinig slán ón tubaiste, go raibh siad ag achainí ar Shane Lowry le blianta deireadh a chur lena chaidreamh le Kingspan.

Dúradh, ámh, nár fhreagair sé riamh iad agus gur ghoill sé sin go mór orthu.

Déanann Kingspan urraíocht fós ar an ngalfaire Leona Maguire agus ar CLG an Chabháin.

Thug siadsan le fios do RTÉ, ámh, nach raibh aon ní le rá acu i dtaobh an scéil.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ