skip to main content

Jeffrey Donaldson ag pléadáil neamhchiontach i gcionta gnéasacha

Jeffrey Donaldson ag dul isteach sa chúirt san Iúr i gCo an Dúin inniu
Jeffrey Donaldson ag dul isteach sa chúirt san Iúr i gCo an Dúin inniu

I gcúirt san Iúr i gCo an Dúin, phléadáil iarcheannaire an DUP Jeffrey Donaldson neamhchiontach in ocht gcúis déag a bhaineann le cionta gnéasacha, éigniú ina measc.

Chomh maith le héigniú, tá ceithre chúis a bhaineann le gníomh ró-mhígheanasach agus trí chúis déag a bhaineann le hionsaí mígheanasach curtha ina leith.

Bean chéile Jeffrey Donaldson, Eleanor Donaldson, bhí sise os comhair na cúirte inniu freisin agus trí chúis curtha ina leith maidir le cabhrú le Jeffrey Donaldson agus neartú lena chionta.

Phléadáil sí neamhchiontach sna trí chúis sin agus d'iarr a dlíodóir ar an gcúirt dhá chúis eile a bhí curtha ina leith roimhe seo a tharraingt siar.

Sheas an lánúin le taobh a chéile i ngabhann na cúirte agus na cúiseanna á bhfógairt.

Eleanor Donaldson ag dul isteach sa chúirt inniu

Líomhnaítear go ndearnadh na cionta ag tráthanna éagsúla idir Eanáir 1985 agus Nollaig 2006 agus deirtear go bhfuil beirt íospartach ann.

Scaoileadh saor Jeffrey agus Eleanor Donaldson ar bannaí agus ordaíodh iad a chur ar a dtriail ar an 24 Márta 2025.

Meastar go mairfidh an triail coicís nó mar sin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ