Deir gníomhaireacht cosanta sibhialta Gaza gur maraíodh 40 duine – leanaí ina measc – agus gur gortaíodh os cionn 60 eile in ionsaí buamála a rinne aerfhórsa Iosrael ar cheantar a bhí in ainm a bheith sábháilte i ndeisceart na hiamhchríche.
D'aistrigh na mílte teifeach Palaistíneach go dtí 'ceantar daonnúil' Al-Mawasi ar ordú na nIosraelach i mí na Nollag seo caite agus tá a bhformhór ag cur fúthu i bpubaill ann ó shin.
Talamh seasc gan mórán saoráidí de chineál ar bith is ea Al-Mawasi, áfach, agus ní ghlacann na Náisiúin Aontaithe leis gur ceantar daonnúil é in aon chor.
Deir an lucht cosanta sibhialta nár tugadh aon fhógra roimh ré faoin ionsaí in ainneoin ghealltanas na nIosraelach go mbeadh na teifigh as baol sa cheantar.
Deir siad go bhfuil trí pholl dhomhaine san áit ar phléasc na buamaí agus go bhfuil teaghlaigh iomlána ar iarraidh faoin talamh gainimh.
Deir na hIosraelaigh gur ionsaigh siad an ceantar mar go raibh Hamas ag baint leas as mar bhunáit cheannais.
Ní hé an chéad uair ag na hIosraelaigh Al-Mawasi a bhuamáil. Maraíodh 90 duine in ionsaí eile i mí Iúil – duine de cheannasaithe míleata Hamas ina measc.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ