skip to main content

Cosc le cur ar ghairis vápála aon uaire

Is minic a chaitheann daoine gairis vápála uathu go neamh-aireach
Is minic a chaitheann daoine gairis vápála uathu go neamh-aireach

Tá sé dearbhaithe ag an Rialtas go bhfuiltear le cosc a chur ar ghairis vápála aon uaire in Éirinn ar chúinsí sláinte agus comhshaoil.

De réir ar mhol an tAire Sláinte Stephen Donnelly don chuid eile den Chomhaireacht inniu, ní bheidh cead na gairis seo a dhéanamh ná a dhíol in Éirinn. Ní bheidh cead iad a iompórtáil ach chomh beag.

Tá 'galtoitíní' réasúnta saor agus is daoine óga is mó a chaitheann iad.

Déanann na gairis aon uaire dochar don chomhshaol chomh maith mar gur minic a chaitheann daoine uathu iad go neamh-aireach.

Fágann sin freisin nach ndéantar athchúrsáil mar is ceart ar na páirteanna – idir an t-ábhar plaisteach agus na cadhnraí.

Cheana féin, tá cosc ar ghaltoitíní a dhíol le daoine faoi ocht mbliana déag.

Daoine a chaitheann galtoitíní, is dóichí faoi chúig go dtosóidh siadsan thar dhaoine eile ag caitheamh tobac, de réir an Bhoird Taighde Sláinte.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ