skip to main content

An Coimisiún nua Oidhreachta ag fiosrú 8 gcás le linn na dTrioblóidí

Ceann de na tithe tábhairne i nGuildford inar maraíodh ceathrar saighdiúirí agus sibhialtach amháin i 1974.
Ceann de na tithe tábhairne i nGuildford inar maraíodh ceathrar saighdiúirí agus sibhialtach amháin i 1974.

Tá 10 dteaghlach tar éis iarratas a dhéanamh ar an gcomhlacht nua oidhreachta i dTuaisceart Éireann tabhairt an athuair faoi fhiosrúchán faoi ionsaithe inar maraíodh nó inar gortaíodh go dona daoine le linn na cogaíochta ó Thuaidh.

Ina measc tá iarratas faoi bhuamáil tithe ósta i nGuildford i Sasana, mí Dheireadh Fómhair 1974.

Tá an Coimisiún Neamhspleách Athmhuintearais agus Aimsiú Eolais curtha sa tsiúl faoin Acht Oidhreachta a bunaíodh faoin Rialtas Caomhach a bhí sa mBreatain go dtí olltoghchán an tsamhraidh, Acht a bhfuil caint agus cáineadh tarraingthe aige.

Ó tionscnaíodh an Coimisiún mí na Bealtaine tá 85 duine tar éis a bheith i dteagmháil leo a deir siad faoi "chásanna oidhreachta" a fhiosrú.

Tá 10 n-iarratas foirmeálta déanta a deir an Coimisiún agus tá siad tosaithe ar 8 gcás.

Maraíodh ceathrar saighdiúirí agus sibhialtach amháin agus gortaíodh 65 duine de bharr na mbuamaí a leagadh 50 bliain ó shin i dhá theach tábhairne ina mbíodh saighdiúirí de chuid na Breataine go rialta.

Idir 17 agus 21 bliain d'aois a bhí na daoine a cuireadh den tsaol.

Declan Morgan

Inniu deir Ardchoimisinéir an Choimisiúin – an t-iar Phríomhbhreitheamh i dTuaisceart Éireann, Declan Morgan – go dtabharfar na hiarratais ar fhiosrúcháin an athuair chun cinn "ionas gur féidir le daoine misneach a bheith acu" as an bpróiseas nua.

Meastar go bhfuil cás tuairim is 1,000 duine a maraíodh le linn na dTrioblóidí gan réiteach go fóill, gan trácht ar líon na ndaoine a gortaíodh go dona.

Faoin Acht Oidhreachta cuireadh deireadh le gach fiosrúchán a bhí fós ar siúl, cuireadh deireadh le gach coiste cróinéara agus níl deis níos mó ag daoine sásamh a fháil sa gcúirt choiriúil ná sa gcúirt shibhialta.

Faoin Acht tá fáil ar "mhúnla aimsiú eolais" do dhaoine a dhéanann iarratas ar an gCoimisiún.

Deir Náisiúnaithe gurbh é cuspóir an dlí nua i ndáiríre iarshaighdiúirí a choinneáil slán ó chúiseamh coiriúil i gcás na ndaoine go léir a mharaigh fórsaí na Breataine le breis is leathchéad bliain.

John Finucane, MP, ag labhairt ag agóid in aghaidh an Achta

Tá míshásamh go leor freisin faoin mbeartas san Acht nua faoina mbronnfaí maithiúnas do pharaimíleataigh a thabharfadh eolas mar chuid den phróiseas le theacht ar an bhfírinne.

Tá rialtas nua Pháirtí an Lucht Oibre sa mBreatain tar éis geallúint a dhéanamh go gcurfar ar neamhní an tAcht.

Tá rún acu a deir siad an deis a bhí riamh ann an chóir a éileamh sa gcúirt a thabhairt ar ais.

Deir siad nach lorgóidh siad achomharc ar bhreithiúnas cúirte inar rialaíodh gur sárú ar an dlí idirnáisiúnta é an tAcht Oidhreachta.

Ach tá sé ráite ag an Tánaiste Micheál Martin go bhfuil "leasú ó bhun go barr" ar an gCoimisiún ag teastáil.

Deir Rúnaí Stáit an Tuaiscirt Hilary Benn go bhfuil sé "tiomanta tabhairt faoin obair i gcomhar le Rialtas na hÉireann leis an gCoimisiún a neartú."

Tá an Rúnaí Stáit i mbun comhairliúcháin faoi láthair le grúpaí ionadaíocha thar ceann daoine a d’fhulaing sa gcogaíocht faoi reachtaíocht úr a réiteach le cur in áit an Acht Oidhreachta.

Idir an dá linn tá an cás atá tugtha ag Rialtas na hÉireann in aghaidh an Achta fós os comhair Chúirt Bhreithiúnas na hEorpa.

Sular feidhmíodh an tAcht nua, bhí uas-phionós 2 bhliain príosúin luaite le coireanna a bhain le cásanna stairiúla, marú agus gortú a déanadh roimh Chomhaontú Aoine an Chéasta i 1998.