skip to main content

Mic léinn ón iasacht imníoch faoi ionsaithe i gCorcaigh

Tá imní léirithe ag mic léinn iasachta i gCorcaigh tar éis ionsaí líomhnaithe ar bheirt mhac léinn as an India, ionsaí inar caitheadh rópaí timpeall a muinéil.

Déagóirí, deirtear, a rinne an t-ionsaí an Dé Sathairn seo caite ar an mbeirt atá cláraithe leis an gCóláiste Ollscoile, Corcaigh.

Tá éileamh déanta ar a thuilleadh póilínteachta i lár na cathrach ag an Dr. Lekha Menon Margassery, uachtarán Chumann na gCéimithe Indiacha sa choláiste.

Deir sí go nndearnadh iarracht i gceann de na hionsaithe an mac léinn a thachtach leis an rópa, agus gur thit eachta eile dá leithéid chéanna amach tamall gearr ina dhiaidh sin. D'éirigh leo éalú ón ionsaí gan bheith gortaithe.

Lánúin phósta iad an bheirt mhac léinn, a deir sí, agus bhí siad ar bhliain saoire ón obair san India le céim Mháistreachta a dhéanamh in Éirinn.

Tá eachtraí eile cloiste aici, inar caitheadh go dona le daoine de bhunadh na hIndia sa chathair. Údar iontais di é gur le leathbhliain atá ionsaithe ag tarlú, agus ó tháinig sí sa chathair i 2008 nach raibh a leithéid ann.

Deir an Coláiste nach mbíonn aon rud le rá acu faoi fhiosrucháin reatha an Gharda. Ach dhearbhaigh an ráiteas gur tugadh tacaíocht don mhac léinn a ndearnadh an t-ionsaí líomhnaithe air.

Deir an Dr. Margassery go bhfuil leisce anois ar an mac léinn an campas a fhágáil agus go bhfuil sé ag lorg fostaíochta ar an láthair mar nach bhfuil fonn air an chathair a thabhairt air féin.

Cuireann sé seo údar an stáidéir iasachta ar neamhní a deir sí, ós le foghlaim faoi chultúir agus thíortha nua a dhéantar é, rud nach féidir a dhéanamh más ag fanacht san ollscoil ata siad le teann faitís.

Tá sé deimhnithe ag an Garda Síochána gur tuairiscíodh dóibh ionsaí a líomhnaítear a rinneadh ar Shraid Phádraig i gCorcaigh Dé Sathairn seo caite. Níl gearán oifigúil déanta chuig na Gardaí faoin dara eachtra.

Dúírt an Roinn Dlí agus Cirt nach ndéanann an tAire aon chaint ar fhiosrúcháín reatha, ach gurbh eol di an dochar atá shábháilteacht an phobail, agus nach raibh aon ghlacadh le foréigean ná iompar bagrach.