skip to main content

Stailc lae ar bun ag láithreacha tógála ag Unite

Tá stailc lae ar bun ag oibrithe tógála atá ina mbaill den cheardchumann Unite ag láithreacha áirithe tógála i mBaile Átha Claith, Luimneach, Corcaigh agus Cill Dara.

Aighneas idir Unite agus an MEBSCA, an cumann atá ionadaíoch ar chonraitheoirí tógála agus innealltóireachta, é seo.

Tá pluimbéirí, feisteoirí, táthairí agus printísigh bainteach sa ghníomhaíocht thionsclaíoch seo agus tá obair do chomhlachtaí móra ar nós Intel, Diageo, Eli Lilly, Analog agus BSL san aireamh sna láithreacha stailce.

Ar meánoíche a thosaigh an stailc.

Athbhunú ar íocaíocht i leith an chéad uair a chloig d'am taistil na n-oibrithe atá ón lucht stailce, agus vótáil formhór mór na mball ar son na stailce nuair a chlis ar chainteanna idir Unite agus MEBSCA.

Ciorradh an íocaíocht taistil seo tar éís an chliseadh eacnamaíochta i 2008, a deir Unite, ach bhí sé in aimn is bheith athbhreithnithe tar éis bliana.

Deir MEBSCA go bhfuil an íocaíoch i leith an chéad uair a chloig d'am taistil clúdaithe ó 2011 sna ghnáthrátaí uaire, de bhun chomhaontú le Unite. Deir an cumann gurb é an toradh a bhí ar an leasú seo gur ardaigh na rátaí uaire, rud a d'fhág go raibh an pá as ragobair nó saoire níos airde.

Deir MEBSCA freisin go bhfuil Unite ag iarraidh an íocaíocht níos airde ó 2011 a choinneáil agus dul siar ar chomhaontú 2011 ag an am céanna.

Leanfaidh Unite, a deir siad, lena thuilleadh stailceanna mura mbeidh tairiscint fónta ó MEBSCA agus beidh tuilleadh láithreacha i gceist.

Deir Tom Fitzgerald, eagraí de chuid Unite nár abhunaíodh ciorruithe ó 2011/2012 in ainneoin a ndícheall bheith déanta ag lucht na cheardumainn maidir leis an gCúirt Oibreachais agus an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oirbre.

Ní raibh aon rogha eile ag oibrithe, a dúirt sé, ach a gcuid saothair a tharraingt siar.