skip to main content

Bean, sna 50aí, go dona tinn tar éis ionsaí dhá mhadra uirthi

Tá cóir leighis á chur ar bhean tar éis do dhá mhadra í a ionsaí agus greim a bhaint aisti.

Tharla an t-ionsaí go gairid tar éis am lóin i ndeisceart Bhaile Átha Cliath, ag teach i gceantar Dhún Laoghaire.

Tugadh an bhean, atá sna caogadaí chuig Ospidéal Naomh Uinseann de bharr chréachta pollta, a cheaptar a bhain dá colainn.

Tá sí go dona tinn ach tuigtear go bhfuil bail sheasmhach uirthi san ospidéal.

Tá na madraí tugtha ar láimh don Mhaor Madrai, agus ceaptar gur bulladóirí iad.

Níl sé soiléir más madraí iad atá ar liosta na bpór a bhfuil srianta orthu.

Tá na Gardaí ag fiosrú na heachtra.