skip to main content

Díth ábhartha ar 230,000 páiste, a deir an ESRI

Bróga, éadaí, béilte te agus téamh tithe ar na hábhair a clúdaíodh sa taighde
Bróga, éadaí, béilte te agus téamh tithe ar na hábhair a clúdaíodh sa taighde

Tá tuairim is 230,000 páiste sa Stát a bhfuil díth ábharta ag baint leo, dar leis an Institiúd um Thaighde Sóisialta agus Eacnamaíochta (ESRI).

Díth ábhartha é tomhais den bhochaineacht nuair atá nithe ná gníomhaíochtaí atá riachtanach do chaighdeán réasúnta maireachtála in easnamh.

Fuair taighde an ESRI gur ardaigh an líon daoine faoi 18 i dteaghlaigh nárbh acmhainn dóibh teacht ar 2 rud nó níos mó de liosta 10 rud riachtanach, ó 17% i 2022 go 20% i 2023.

Ar na rudaí ar an liosta atá rangaithe mar riachtanach té: cóta te uisce-dhíonach, éadaí nua (seachas ar athlámh), troscán nua a chur in áit troscáin chaite, béile le feoil nó iasc nó a mhacasamhail veigeatórach gach ré lá, spóla feola nó a mhacasamhail uair sa tseachtain.

San áireamh sa liosta freisin tá: téamh an tí le bliain, bronntanais do bhaill teaghlaigh nó cairde uair sa bhliain, deochanna nó béile don teaghlach uair sa mí, agus deis siamsaíochta uair sa choicís.

Bhí an cóta te uisce-dhíonach ar cheann de na nithe ar an liosa nárbh achmhainn do theaghlaigh.

Sa tréimhse chéanna áfach, thit an díth ábhartha do dhaoine os cionn 65 ó 11% go 10%. Chonaic an aoisghrúpa seo ardú 3% ar a n-ioncam indiúscartha de bharr ardú pá agus ardú san fhostaíocht

In ainneoin fhás leanúnach ar an ngeilleagar le deich mbliana, d'fhág an boilsciú an meánioncam indiúscartha níos ísle ná mar a bhí dhá bhliain roimhe sin, don daonra uilig.

Tá téamaí eile sa taighde freisin, ina measc gur lú an rannpháirtíocht pobail a fheictear i measc daoine ar ioncam íseal nó ar díth ábhartha: le bliain anuas is lú an seans go raibh siad ag baint le hobair dheonach fhoirmeálta nó neamhfhoirmeálta, ná ag baint le gníomhaíocht pholaitíochta.

Bhí tionchar mór diúltach ag an bpaindéim ar shásamh saoil, ar rannpháirtíocht pobail agus ar theagmhálacha sóisialta.

Faoi 2023, níor raibh an sásamh saoil tagtha ar ais chuig an leibhéal roimh an bpaindéim i 2018, agus bhí an rannpháirtíocht pobail i 2022 tite de 50% ó 2015.

Deir Denise Charlton ó Community Foundation Ireland, a mhaoinigh an taighde gur léír anois na roghanna géara a bhíonn teaghlaigh bochta a dhéanamh idir bhunriachtanaisí bia, cothabhála agus teasa tí, agus d'iarr sraith eile sochar leanaí a bheadh dírithe go sonrach ar na teaghlaigh sin.