skip to main content

Éileamh ar bhus scoile san Aird Mhór in Iarthar Phort Láirge chun daltaí a thabhairt ag an méanscoil i nDún Garbhán

Éileamh ar bhus scoile san Aird Mhór in Iarthar Phort Láirge chun daltaí a thabhairt ag an méanscoil i nDún Garbhán
Éileamh ar bhus scoile san Aird Mhór in Iarthar Phort Láirge chun daltaí a thabhairt ag an méanscoil i nDún Garbhán

Tá tuismitheoirí san Aird Mhór in Iarthar Phort Láirge ag éileamh bus scoile chun daltaí a thabhairt ag an méanscoil i nDún Garbhán.

Tá seirbhís bus stáit ar fáil chun daltaí a thabhairt go Eochaill i gContae Chorcaí, ach deir muintir Airde Móire gur cheart go mba cheart go mbeadh córas iompair ar fáil chun daltaí a thabhairt ag meánscoil atá ina gcontae fhéin.

Tá tuismitheoirí airithe ag íoc suas le €40 in aghaidh na seachtaine chun leas a bhaint as seirbhís phríobhaideach go Dún Garbhán faoi láthair.

Tá bus ar fáil do dhaltaí atá i dteideal freastal ar scoil i mBaile Eochaille i gCo Chorcaí ach deir muintir Airde Móire go mba cheart go mbeadh córas iompair go dtí an mhéanscoil i nDún Garbhán ar fáil freisin.

Is mór an cháil atá ar Aird Mhór in Iarthar Phort Láirge, atá suite cois cósta taobh leis an tSean Phobail i nGaeltacht na nDéise agus téann na mílte ar cuairt ann na h-aon bhliain.

Ach tá tuismitheoirí agus daltaí scoile sa cheantar ana mhíshásta toisc nach bhfuil seirbhís bus scoile phoiblí ar fáil dóibh siúd atá ag freastal ar iar-bhunscoileanna i nDún Garbhán, atá 23 ciliméadar ó bhaile.

Tá bus scoile poiblí ar fáil do dhaltaí ón ndúthaigh chun freastal ar scoil i mBaile Eochaille, thart ar 15km ó bhaile.

Tá tuismitheoirí agus daltaí go láidir den tuairim gur chóir go mbeadh deis acu leas a bhaint as seirbhís bus scoile chun freastal ar mhéanscoil ina gcontae féin, Port Láirge sa chás seo.

I ráiteas atá faighte ag Nuacht inniu ón Roinn Oideachais dúradh go bhfuair tuairim is 3,300 dalta i bPort Láirge, a bhí i dteideal pas don mbus scoile, ticéad i mbliana.

Toisc go bhfuil siad lonnaithe beagánín níos giorra go Bhaile Eochaille i gCo Chorcaí, atá thart ar 7 míle níos congaraí ná Dún Garbhán, dúirt an Roinn gurb daltaí lamháltais, na daltaí atá lonnaithe san Aird Mhór.