Tá cáineadh láidir déanta ag coiste comhshaoil de chuid na Ríochta Aontaithe go bhfuil ag teip ar Stormont caighdeán uisce locha agus aibhneacha Thuaisceart Éireann a chosaint.
Dúradh nach bhfuil na hacmhainní cuí i bhfeidhm leis na haibhneacha a chosaint, aibhneacha atá ag dul isteach i Loch nEathach, atá truaillithe go dona le halgae gorm glas.
Cuireannn loch nEathach 40% den uisce a óltar sa Tuaisceart ar fáil agus don dara bliain tá sé lán le algae gorm glas a chuireann sláinte daoine agus ainmhithe i mbaol.
I dtuarascáil Oifig um Chaomhnú Comhshaoil na Ríochta Aontaithe, dúradh, nach bhfuil Stormont atá freagrach as na haibhneacha a ritheann isteach sa loch a chosaint, ag déanamh sin.
Deirtear sa tuarascáil gur cailleadh an sprioc chun caighdeán an uisce a fheabhsú agus muna ndéantar athruithe go mbeidh baol ann nach féidir an damáiste a chur ina cheart go deo.
Tá 3 mhí ag Roinn Talmhaíochta agus Comhshaoil Stormont freagra a thabhairt ar an 16 moladh sa tuarascáil.