De réir figiúirí nua atá foilsithe ag CyberSafeKids, bhí 25% do dhaltaí bunscoile suaite ag ábhar a bhí le feiceil ar líne.
I measc na n-ábhar atá i gceist, a deir CyberSafeKids, tá ábhar gnéis, ábhar uafáis agus ábhar a bhaineann le camscéimeanna.
Deirtear sa tuarascáil chomh maith gur thug 77% do pháistí le fios nach bhfeiceann a dtuismitheoirí cad atá ar bun acu ar líne. Dúirt 83% do dhaltaí go bhfuil cead acu a ngléasanna a úsáid ina seomraí codlata.
Déanadh suirbhé ar 7,000 dalta le linn na bliana scoile 2023-2024.
Do pháistí idir 8 agus 12 bliain, bhí 37% den ábhar a chuir isteach orthu le feiceáil ar YouTube agus 23% ar Roblox.
Do pháistí iar-bhunscoile idir 12 agus 14, bhí 41% den ábhar a chuir isteach orthu siúd le feiceáil ar Snapchat agus 30% ar TikTok.
Deir Príomhfheidhmeannach CyberSafeKids, Alex Cooney go léiríonn an taighde an géarghá atá le hoideachas a chur ar dhaltaí maidir le sábháilteacht ar líne.
Táthar ag impí ar an Rialtas dul i ngleic le seo chun a chinntiú go mbíonn taithí dearfach ag páistí ar líne.