skip to main content

Oideachas maidir le cúrsaí meabharshláinte & folláine, cúrsaí gnéasachta, toilithe & eile le bheith éigeantach i scoileanna ó 2027

Oideachas maidir le cúrsaí meabhairshláinte & folláine, cúrsaí gnéasachta, toilithe & eile le bheith éigeantach i scoileanna ó 2027
Oideachas maidir le cúrsaí meabhairshláinte & folláine, cúrsaí gnéasachta, toilithe & eile le bheith éigeantach i scoileanna ó 2027

Tá oideachas maidir le cúrsaí meabhairshláinte agus folláine, cúrsaí gnéasachta agus toilithe, cúrsaí pornagrafaíochta agus eile le bheith éigeantach do dhaltaí sa tsraith shinsearach i ngach iar-bhunscoil ó 2027.

Tá clár leasaithe don ábhar scoile SPHE, Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte i measc 12 ábhar Ardteistiméireachta a bhfuil leasú déanta orthu.

Tá an curaclam nua leasaithe a bhaineann leis an ábhar scoile SPHE i measc 12 ábhar nua leasaithe Ardteiste a d'fhoilsigh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta an tseachtain seo.

Deir an Roinn Oideachais go mbeidh an clár nua éigeantach do dhaltaí atá ag plé leis an Ardteistiméireacht Fheidhmeach an bhliain seo chugainn agus do gach dalta eile ó 2027.

Faoi láthair, tá an t-ábhar SPHE ar fáil do dhaltaí scoile sa tsraith shinsearach, i níos lú ná 20% d'iar-bhunscoileanna na tíre, rud a chiallaíonn nach gcuirtear morán oideachais ar dhéagóirí atá níos sine maidir lena sláinte pearsanta, sna blianta deiridh dá gcuid oideachais iar-bhunscoile.

Tagann an siollabas nua isteach in áit an churaclaim reatha atá roghnach agus atá ar an bhfód le 13 bliain.

Beidh ar scoileanna 60 uair an chloig múinteoireachta nó uair amháin sa tseachtain san ábhar a sholáthar do gach dalta.

Tugadh curaclam nua éigeantach do dhalta scoile sa tSraith Shóisearach isteach anuraidh.