Tá athbhreithniú iomlán á lorg ag an Aire Stáit ag Oifig na nOibreacha Poilbí, Kieran O' Donnell, maidir leis an gcostas a bhain le foscadán do rothair a thógáil ag Teach Laighean.
Tá go leor ceisteanna ardaithe faoin gcostas ollmhór do 335,000 míle euro a bhí i gceist leis. Tá an foscadán in ann 18 rothar a choinneáil.
Dúirt an tAire Comhshaoil Eamon Ryan gur chuir an praghas iontas mór air agus go gcaithfear a chinntiú gur féidir áiseanna riachtanacha mar seo a thógáil ar phraghas níos reasúnaí as seo amach.
Dúirt Oifig na nOibreacha Poiblí go mb'éigean ábhar de ard-chaighdeán a úsáid sa tógáil lena chinntiú go mbeadh an foscadán nua ag teacht le foirgneamh stairiúil pharlaimint náisiúnta na tíre.
Dúirt An Taoiseach Simon Harris go gcuireann an scéal olc air agus go gcuireann scéalta mar seo olc ar dhaoine ar fud na tíre.
Dúirt An Taoiseach go bhfuil sé ag iarraidh a fháil amach cén fáth gur caitheadh an oiread sin airgid ar an bhfoscadán. Chuir sé fáilte roimh an t-athbhreithniú.