€39bn a infheistiú i dtithíocht shóisialta agus inacmhainne thar chúig bhliana é geallúint Shinn Féin ina pholasaí nua tithíochta a seoladh ar maidin.
Sa tréimhse seo ag tosú 2025, cuireann an páirtí sprioc roimhe le 300,000 áitreamh a chur ar fáil.
Maíonn Sinn Féin sa cháipéis 100 leathanach ' A Home of Your Own' gur atosú as an bpíosa é i gcúrsaí tithíochta agus gur rogha radaiceach é ar pholasaí reatha an Rialtais.
De réir na straitéise, bheadh ar an meán €7.8bn á chaitheamh ar áitribh shóisialta agus inacmhainne a d'fheicfeadh 125,000 ceann nua thar 5 bhliana.
Chuirfí €2bn sa tréímhse chéanna i dtreo 7,500 áitreamh sóisialta agus inacmhainne breise a cheannach.
D'fhéachfadh an plean freisin le 115,000 áitreamh príobháideach a cheannach a chuirfí ar díol, agus bheadh 60,000 áitreamh eile a bheadh ar cíos nó a bheadh ina fhoirgnimh fhéintógála.
Sa bhreis air sin, chuirfeadh Sinn Féin comhlacht tógála poiblí ar bun do Bhaile Átha Cliath, agus bheadh níos nó neamhspleáchais ag comhairlí áitiúlta le tithíocht a chur ar fáil.
Bhreathnófaí freisin ar athruithe chun dlús a chur faoi chinní pleánála, ar iasachtaí ar chostas íseal d'fhorbróirí a laghdódh an riosca dóibh nuair atá togra nua ina thús.
Déanfaidh an páirtí athrú ó bhonn ar an nGníomhaireacht um Fhorbairt Talún, ag cur ar a chumas níos mó talún criosaithe a fháil don tithíocht.
Tá geallúint freisin ón bpáirtí díólúine ón dleacht stampa a thabhairt do cheannnaitheoirí chéad-uaire, ar áitreamh níos lú ná €450,000.
Agus tá cosc ar ardú cíosa go ceann trí bliana molta chomh maith le deireadh de réir a chéile leis an scéim Cúnamh Chun Ceannachta agus leis an scéim Chéad Áitrimh.
Dúirt cheannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald ag seoladh an pholasaí gurb í an tithíocht príoracht mhór an pháirtí, á rá gurb é an plean seo an cúrsa chun tosaigh agus gur freagra é don earnáil cíosa, don tithíocht phoiblí agus freisin don mhargadh príobháideach.
Ceist í seo atá i mbéal an phobail chuile áit a dtéann muid, a dúirt sí, agus beidh an páirtí ag iarraidh ar an bpobal deis a thabhairt dóibh an polasaí seo a chur i bhfeidhm.
Polasaí é seo a chaitheann ' go suarach le ceannaitheoirí chéad-uaire, a dúirt an Taoiseach.
Dúirt Simon Harris freisin gur bhain 54,000 teaghlach leas as na scéimeanna a scorfadh Sinn Féin, agus gur díol imní plean an pháirtí athrú ó bhonn a chur ar an nGíomhaireacht um Fhorbairt Talún.