skip to main content

Cinneadh faoi threalamh míleata ó Iosrael pléite ag triúr ceannairí

Meastar go bhfuil thart ar dhosaen drón Iosraelach ag Éirinn faoi láthair
Meastar go bhfuil thart ar dhosaen drón Iosraelach ag Éirinn faoi láthair

Tá sé tugtha le fios ag ceannaire an Chomhaontais Ghlais Roderic O'Gorman gur phléigh an Tánaiste Micheal Martin an cinneadh gan trealamh míleata a cheannach ó Iosrael feasta leis féin agus leis an Taoiseach Simon Harris.

Ní dúirt Roderic O'Gorman, áfach, ar cuireadh an cheist faoi bhráid na Comhaireachta sula ndearnadh an cinneadh.

Mhaígh an Gormánach, mar sin féin, go dtugann Micheál Martin aird i gcónaí ar chomhairle dlí agus gur duine é a mhachnaíonn go dian ar cheisteanna.

D'fhógair Micheál Martin inné nach gceannódh Éire aon trealamh míleata ó Iosrael ná a mhalairt feasta i bhfianaise rialú na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta faoin ngéarleanúint atá na hIosraelaigh a dhéanamh ar Phalaistínigh.

An mhí seo caite, rialaigh an chúirt sin go bhfuil an greim atá ag Iosrael ar na críocha Palaistíneacha in aghaidh an dlí idirnáisiúnta. Rialaíodh go bhfuil lonnaíochtaí Iosraelacha sna háiteanna sin in aghaidh an dlí chomh maith.

Dúirt an Teachta Dála Neamhspleách Cathal Berry – iarshaighdiúir ardcháilíochta – gur fíorbheagán trealaimh mhíleata a cheannaigh Éire ó Iosrael le 20 bliain.

Dar leis gur clogaid, análaitheoirí agus armlón is mó a cheannaítí tráth, agus gur dróin agus ábhar optaice is mó a ceannaíodh le gairid.

Thug Cathal Berry le fios go bhfuil thart ar dhosaen drón de dhéantús Iosrael ag Éirinn faoi láthair.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ