skip to main content

Taoiseach ag lorg comhairle faoi thrádáil le hIosrael

An Taoiseach Simon Harris
An Taoiseach Simon Harris

Tá an Taoiseach Simon Harris ag iarraidh ar an Ard-Aighne Rossa Fanning a shoiléiriú an bhfuil sé de chead ag Éirinn athbhreithniú a dhéanamh aisti féin ar chomhaontuithe trádála le hIosrael, nó an gcaithfidh an tír seo cloí le comhpholasaí ginearálta an Aontais Eorpaigh i dtaobh cúrsaí trádála.

Tógadh an cheist tar éis don Tánaiste Micheál Martin a fhógairt inné nach gceannódh Éire aon trealamh míleata ó Iosrael ná a mhalairt feasta i bhfianaise rialú na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta faoin ngéarleanúint atá na hIosraelaigh a dhéanamh ar Phalaistínigh.

An mhí seo caite, rialaigh an chúirt sin go bhfuil an greim atá ag Iosrael ar na críocha Palaistíneacha in aghaidh an dlí idirnáisiúnta. Rialaíodh freisin go bhfuil lonnaíochtaí Iosraelacha sna háiteanna sin in aghaidh an dlí.

Is é an tAontas Eorpach trí chéile a dhéanann cinntí faoi chúrsaí trádála thar ceann na mballstát ar fad, ach teastaíonn ón Taoiseach a fháil amach an bhfuil cead ag Éirinn cinneadh a dhéanamh aisti féin sa chás seo.

Dúirt an Taoiseach go raibh súil aige freagra a fháil ón Ard-Aighne faoi cheann cúpla lá.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ