skip to main content

Fear as Co Thiobraid Árann maraithe in Kansas City, Missouri

Shaun Brady
Shaun Brady

Lámhachadh agus maraíodh fear as Éirinn in Kansas City, Missouri sna Stáit Aontaithe tráthnóna inné.

B'in é Shaun Brady, cócaire 45 bliain d'aois, arbh as Co Thiobraid Árann é ó dhúchas.

Tuigtear go raibh sé ina chónaí thall le roinnt blianta agus go raibh sé pósta ag bean Mheiriceánach.

Cócaire aitheanta ab ea Shaun Brady ar leis féin agus lena chara Graham Farris bialann Brady & Fox i ndeisceart Kansas City.

Is cosúil go raibh sé ag cur amach an bhruscair ar chúl na bialainne tráthnóna inné nuair a d'éirigh idir é agus roinnt daoine a bhí sa charrchlós.

Lámhachadh é agus gortaíodh é go dona.

Lámhachadh Shaun Brady taobh amuigh dá bhialann Brady & Fox i ndeisceart Kansas City

Cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála agus cuireadh cóireáil leighis ar Shaun Brady ar an mball.

Tugadh chun an ospidéil é ach bhásaigh sé ann go gairid ina dhiaidh sin.

Tá beirt bhuachaillí sna déaga á gceistiú ag na póilíní faoin marú.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ